Ba é an Treoir
maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach i leictreachas an
19 Nollaig 1996, a chuir tús leis an bpróiseas foirmiúil i dtreo comhtháthú
margaí le haghaidh leictreachais ag leibhéal AE. Ba iad An
Tríú Pacáiste Fuinnimh agus conclúidí na Comhairle Eorpaí an 4 Feabhra
2011 a chuir leis an bpróiseas trí uirlisí nua agus treisiú nua.
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta
cheana féin chun an Margadh Inmheánach Leictreachais a bhunú, tá a lán bacainní
le sárú fós sula mbainfear amach fíormhargadh comhtháite don leictreachas san
AE: glacadh le Cóid Ghréasáin a forbraíodh ó bhí 2011 ann agus iad a chur i
bhfeidhm ina n-iomláine, comhtháthú éifeachtúil agus slán giniúna eadrannaí a
bhfuil baint aice le hathnuaiteáin, agus creat rialála seasmhach a chur i
bhfeidhm maidir le bonneagair úrnua gréasáin tras-Eorpach a fhorbairt.
Tá Roinn Leictreachais ACER roinnte ina
ceithre phríomhréimse oibre, iad uile mar aidhm acu tacú leis an bpróiseas chun
an margadh a chomhtháthú:
Creat-treoirlínte agus Cóid Ghréasáin
Tionscnaimh Réigiúnacha Leictreachais
Forbairt Bonneagar agus Gréasán
Maoirseacht ar an Margadh
Agus é ag brath ar iarracht leanúnach na
nÚdarás Rialála Náisiúnta agus ar thacú leanúnach na ngeallsealbhóirí uile, tá
sé beartaithe ag Roinn Leictreachais ACER gach dúshlán a shárú chun margadh
leictreachais Eorpach a chruthú, margadh atá ag feidhmiú go maith, atá
iomaíoch, slán agus inbhuanaithe, ag tabhairt tairbhe inbhraite do thomhaltóirí
Eorpacha.