Is é is aidhm atá ag an AE margaí
fuinnimh náisiúnta a chomhtháthú ina n-iomláine faoi 2014 chun tuilleadh táirgí
agus seirbhísí (feabhsaithe), tuilleadh iomaíochta, agus soláthar níos sláine a
thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnóthais.
Rinneadh dul chun cinn cheana féin: is féidir
le tomhaltóirí soláthraithe gáis agus leictreachais a aistriú, agus ní mór do
na soláthraithe míniú soiléir a thabhairt ar théarmaí agus coinníollacha.
Áirítear san obair atá le déanamh fós ná rialacha feidhmiúcháin le haghaidh
margadh náisiúnta agus gréasán maidir le gás a ailíniú, chomh maith le
hinfheistíochtaí trasteorann i mbonneagar fuinnimh a dhéanamh níos éasca.
Le tuilleadh faisnéise a fháil faoin margadh
fuinnimh aonair, féach: http://ec.europa.eu/energy/gas_electricity/index_en.htm